Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tuigim agus aontaím leis an Teachta go bhfuil na hoifigigh phleanála teanga ag déanamh sárjab sna ceantair ina bhfuil siad. Tá muinín agam freisin go mbeidh siad lánpháirteach sna struchtúir seo agus i gcoiste réigiúnach an údaráis agus go mbeidh siad in ann obair leis an gcoiste sin. Ní bheidh an coiste in ann obair cheart a dhéanamh gan obair na n-oifigeach pleanála teanga. Táim sásta nach gcaithfimid é a leagan amach sa dlí agus go n-oibríonn sé. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27