Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2024: An Tuarascáil agus an Chéim Dheiridh Dail Éireann — 2026-05-27 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Ní ghlacaim leis sin i slí amháin. Nóiméad amháin tá an tAire ag rá nach féidir leis na coistí réigiúnacha seo a gcuid gnó a dhéanamh i gceart gan ionchur ó na hoifigigh phleanála teanga, agus aontaím leis sin. An nóiméad eile, áfach, tá an tAire ag rá nach gá dúinn é sin a chur síos sa reachtaíocht. Sin an jab atá á dhéanamh againn faoi láthair. Seo an jab atá os ár gcomhair anois, chun an píosa reachtaíochta seo a chur i gcrích. Táimid ar an taobh seo den Teach ag rá gur cheart go mbeadh cinnteacht ann go mbeadh an ról agus an spás sin do na hoifigigh phleanála teanga daingnithe sa reachtaíocht agus go mbeadh an chathaoir curtha amach dóibh chun a chinntiú go bhfuil siad ag an mbord agus go mbeidh an guth, an t-ionchur, an taithí agus an saineolas atá acu - rud nach bhfuil ag go leor daoine eile - ar na coistí sin. Tá sé an-simplí. Líne amháin téacs atá ann. Nílimid ag cur ceiste ar an Aire rud éigin tromchúiseach nó deacair a dhéanamh, ach táimid ag tabhairt an deis dó a thaispeáint agus a léiriú an méid a dúirt sé – go bhfuil sé sásta éisteacht agus glacadh lenár moltaí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-27/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:04+00:00 Sitting date: 2026-05-27