An Ghaeltacht Dail Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta in 1925 chun daonáireamh a dhéanamh orthu siúd a raibh Gaeilge acu timpeall na tíre. Rinne An Garda Síochána an census sin. Tháinig a lán eolais as. Bunaithe air sin, leagadh amach na ceantair ar ghá cosaint a dhéanamh orthu agus tacaíocht bhreise a thabhairt dóibh le déanamh cinnte go gcosnófaí an tseoid náisiúnta a bhíodh timpeall na gceantar sin, is í sin, an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach agus Gaeltachta. Bhí 82 moladh ag an gcoimisiún. In 1928, bhí díospóireacht sa Dáil faoi. I dtuairisc uachtarán an choimisiúin, dúirt sé, “Our language has been waylaid, beaten and robbed, and left for dead by the wayside”. Dúirt an Teachta Dála, Proinsias Ó Fathaigh, le linn na díospóireachta sin, “A patient in such dire straits needs special care and attention, needs nursing and special remedies.” Níl na remedies sin ag tarlú go fóill. Tá géarchás fós ó thaobh na teanga de sa Ghaeltacht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:05+00:00 Sitting date: 2026-06-11