An Ghaeltacht Dail Éireann — 2026-06-11 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ag an am a rinneadh an daonáireamh, is An Garda Síochána, mar a dúirt mé, a rinne an daonáireamh. Bhí na Gaeilgeoirí á gcomhaireamh timpeall na gcontaetha acu. Ag an am céanna, bhí siad ag comhaireamh cé mhéad bó agus caora a bhí ag daoine. Those who spoke Irish in what are now Gaeltacht areas were equated with sheep and cattle, which were also being recorded by the commission and the census by An Garda Síochána at the time. Ag an stad seo, ceapann daoine fós go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i mbaol agus is léir sin ó na fadhbanna atá ann. Cad atáimid chun a dhéanamh? Cad iad na céimeanna? Ní comóradh agus céimeanna amháin atá ann, cad iad na céimeanna breise ar gá a dhéanamh chun a chinntiú, i gceann 100 bliain eile go mbeidh an Ghaeltacht fós beo beathach? Sin an cheist mhór seachas díreach comóradh agus ceiliúradh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-06-11/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:05+00:00 Sitting date: 2026-06-11