Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Gabhaim buíochas leis an Teachta. Déanaim comhghairdeas leis as an mBille um intleacht shaorga. Tá sé thar a bheith tábhachtach. Déanaim comhghairdeas leis as an obair sin. Mar is eol don Teachta, is í an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta atá freagrach as an dréachtráiteas náisiúnta pleanála ach is cinnte go bhfuil plé idir na Ranna éagsúla atá faoi mo chúram maidir leis an dréachtráiteas seo. Faoi láthair, níl aon mhodh comhsheasmhach ann d'údaráis phleanála áitiúla nuair a bhíonn forbróirí ag cur céatadán d'fhorbairt tithíochta atá beartaithe in áirithe do chainteoirí Gaeilge. Beidh an modh seo chun íoslíon aonad a chur in áirithe bunaithe ar chéatadán na gcainteoirí lasmuigh den chóras oideachais móide 10%, mar atá molta, bunaithe ar chomhdhéanamh teanga reatha an cheantair seachas figiúr aonfhoirmeach náisiúnta a leagan síos i ngach ceantar Gaeltachta. Is éard atá i gceist leis seo ná cinnteacht a thabhairt do phleanálaithe agus do dhaoine ar mian leo fanacht ina gcónaí ina bpobail tuaithe nó filleadh orthu agus, ag an am céanna, tacú le tuath bhríomhar inbhuanaithe in Éirinn. Léiríonn an cur chuige seo an treo ina bhfuil polasaí an Rialtais ag dul i dtaca le pleanáil i gceantair Ghaeltachta. Ar ndóigh, beidh plé le páirtithe leasmhara sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Sa chomhthéacs seo, tá cruinniú faoin dréachtráiteas sceidealta idir m'oifigigh agus Conradh na Gaeilge níos déanaí an mhí seo. I gcás cainteoir Gaeilge nach bhfuil aon cheangal teaghlaigh aige leis an nGaeltacht agus atá ag iarraidh bogadh ann, beidh feidhm fós ag an riail chónaithe cúig-bliana, le hais riail deich mbliana do chainteoirí Béarla. Cé go bhfuil sé inmhianaithe cainteoirí Gaeilge a bheith in ann bogadh go dtí an Ghaeltacht, ní féidir linn cás a bheith againn ina bhfaigheann cainteoirí Gaeilge cead pleanála toisc gur cainteoirí Gaeilge iad amháin. Tá obair le déanamh ar an dréachtráiteas. Tá suim agam obair leis an Teachta chun an obair sin a dhéanamh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14