Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá roinnt samplaí anseo agam. Glacaim leis gur chuir an conradh agus BÁNÚ roinnt samplaí eile chuig an Aire ag léiriú an damáiste a dhéanfaidh sé sin. In ainneoin an méid atá ráite aige, i gceantair áirithe, tá coinníollacha ar leith ann ó thaobh forbróirí atá ag forbairt iliomad tithíochta faoi láthair. Mar shampla, i gCois Fharraige, tá coinníoll teanga i gceist le 80% de na tithe le 15 bliana anuas faoi phlean forbartha Chontae na Gaillimhe. Faoin ráiteas náisiúnta, ísleoidh sé sin go dtí 58%. Sna Déise, tá an rud ceannann céanna ann. Ísleoidh an figiúr ón 80% atá ann le 15 bliana anuas go dtí 37% faoin gcóras nua. Déanfaidh sé sin damáiste do cheantair Ghaeltachta atá ag teacht chucu féin. Beidh Béarlóirí á mbrú orthu. I gcás na Déise, beidh 63% de na tithe ar fáil do Bhéarlóirí. Tá damáiste le teacht má dhéantar é seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14