Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tuigim é sin. Tuigim na buarthaí atá ag grúpaí cosúil leis an gconradh, BÁNÚ agus na Teachtaí féin ach níl aon chaighdeán náisiúnta ann ag an bpointe seo. Athraíonn sé ó údarás áitiúil go húdarás áitiúil. Táimid ag iarraidh caighdeán náisiúnta a chur air. Beimid in ann é sin a phlé tar éis sin. Chomh maith leis sin, cé go bhfuil na coinníollacha ann, an bhfuil na cainteoirí ann? Tá sé tábhachtach é sin a scrúdú freisin. B'fhéidir go bhfuil obair le déanamh againn air sin. Tá na coinníollacha pleanála ann ach an bhfuil daoine ag úsáid na Gaeilge tar éis bogadh isteach? Léiríonn na figiúirí atá againn ón census go bhfuil difríocht idir na figiúirí sin agus an líon daoine atá ag úsáid na Gaeilge gach uile lá. Nuair atá coinníollacha ann, tá sé tábhachtach go bhfuil enforcement ann freisin. Tá brón orm. Níl an focal Gaeilge agam. Ní riail iondúil é. It is not a normal rule mar gheall go mbaineann sé le cúrsaí teanga. I gcomhthéacs an ráitis, tá obair le déanamh againn ar chóras nua i gcomhair enforcement. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14