Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Cloisim é seo. Chuala mé é thar na blianta ó dhaoine a bhí ag iarraidh go laghdófaí teorainn na Gaeltachta. Bhí siad ag iarraidh díriú isteach ar na ceantair a bhí in ísle brí ó thaobh labhairt na Gaeilge chun iad a chaitheamh amach ón nGaeltacht. Bhí siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeltacht srianta go dtí ceantair ina bhfuil 50% ann. Má dhéanann tú é seo, bheadh i bhfad Éireann níos mó ceantar ann a bhfuil brú mór orthu, go háirithe na ceantair atá lag. Níor chóir go mbeadh am ann riamh ina bhfuil an Stát ag brú go mbeidh tithíocht shóisialta nó tithíocht d'aon shórt ann a bhfuil níos lú ná 50% di ar fáil do chainteoirí Gaeilge. D'fhiafraigh an tAire an bhfuil na cainteoirí Gaeilge ann. Tá aithne agam ar a lán daoine i gceantair Ghaeltachta nach féidir leo teacht ar thithe. Ní raibh córas acu go dtí seo. Tá a lán Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht toisc go raibh orthu lonnú lasmuigh di toisc nach raibh aon tithíocht ann. Tá siadsan sásta dul ar ais go dtí a mbailte féin. Tá siad ann ach níor tugadh an deis dóibh mar ní raibh aon tithíocht ann. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14