Cúrsaí Tithíochta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Aontaím go mór leis sin. Tá na Gaeilgeoirí ann agus tá siad ag iarraidh bogadh abhaile nó go dtí an Ghaeltacht ach tá fadhb agus dúshlán ann le tithe saoire freisin. Tá daoine nach bhfuil suim sa Ghaeilge acu atá ag iarraidh bheith sa cheantar. Dream níos tábhachtaí ná sin is ea iad daoine a rugadh sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge acu. Tá muid ag iarraidh balance a shroicheadh idir na daoine le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh isteach go dtí an Ghaeltacht chun a gcuid Gaeilge a úsáid agus na daoine as ceantair Ghaeltachta nach bhfuil Gaeilge acu. Níl mórán suime agam i dtithe saoire. Tá mé ag iarraidh go mbeidh daoine ina gcónaí sna háiteanna Gaeltachta seo, go háirithe daoine le Gaeilge. Tá an dréacht-ráiteas ann. Beidh mé ag obair leis an Aire tithíochta air seo, ach níl monopoly agam ina leith seo ach an oiread. Tá suim mhór agam oibriú leis an Teachta agus a chomhghleacaí, an Teachta McGuinness, air seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14