Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Shane Moynihan (FF), Dublin Mid-West Fiafraím den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobal agus Gaeltachta faoin tacaíocht atá á cur ar fáil ag a Roinn maidir leis an gclár Gaeilge365, faoi mar atá leagtha amach sa chlár Rialtais. Is clár é seo atá ar bun sna húdaráis áitiúla i mBaile Átha Cliath, agus tá sé i gceist é a leathnú amach ar fud na tíre. An ndéanfaidh an tAire ráiteas ar an ábhar seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14