Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Is é Gaeilge365 an chéad aonad nuálaíochta a oibríonn trí mheán na Gaeilge sa tseirbhís phoiblí agus é mar aidhm leis deachleachtais a chruthú i dtaobh na modhanna is féidir le húdaráis áitiúla a úsáid le tuilleadh deiseanna labhartha Gaeilge a chruthú don phobal. Bhunaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Gaeilge365 mar thionscadal píolótach in 2023 le tacaíocht airgid ó chlár Éire Ildánach, tacaíocht a bhí fíorthábhachtach le tús a chur leis an tionscnamh. Ba é aidhm an tionscadail phíolótaigh sin cur chuige nuálach a chur sa siúl ionas go gcruthófaí breis deiseanna don phobal an Ghaeilge a labhairt trí sheirbhísí Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Leis an gcur chuige nuálach a bhí ag Gaeilge365 ón tús, agus baill fhoirne ón gcomhairle cathrach trí chéile rannpháirteach ann, bhíothas in ann cruthaitheacht na Gaeilge a chur i láthair. Tá Gaeilge365 leathnaithe anois go réigiún uile Bhaile Átha Cliath. Tá maoiniú os cionn €4.5 milliún bainteach leis an gclár seo don tréimhse 2025-2028. Tá 50% den mhaoiniú sin ag teacht ó mo Roinn féin, agus tá an 50% eile ag teacht ó na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Tá leathnú ar Gaeilge365 leagtha amach mar ghníomh sonrach sa chlár Rialtais, mar a dúirt an Teachta. Táthar ag súil go mbeidh an deis ann amach anseo eiseamláir Bhaile Átha Cliath a chur i ngníomh sna húdaráis áitiúla ar fud an Stáit. Déanaim comhghairdeas le foireann Gaeilge365, a raibh an t-ádh uirthi duais a bhaint amach ag Gradam na Seirbhísí Poiblí Níos Fearr cúpla seachtain ó shín. Is project iontach é agus tá mé ag iarraidh é a leathnú amach go gach cuid den tír. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14