Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Shane Moynihan (FF), Dublin Mid-West Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra chuimsithigh sin. Faoi mar a dúirt sé, is é ceann de na rudaí a dhéanann idirdhealú idir Gaeilge365 agus tograí agus tionscadail eile Gaeilge agus Gaeltachta de chuid an Státchórais ná an tomhas atá air maidir le haischur. Cruthaíonn sé deiseanna cainte do dhaoine dul i ngleic leis an Státchóras agus le seirbhísí poiblí. Is cur chuige nuálaíochta é sin. Ba chór dúinn an cur chuige sin a leathnú amach, ní hamháin i measc na n-údarás áitiúla ach i measc na n-áisíneachtaí Stáit agus na gcomhlachtaí pobail araon. Ní mór dúinn impí orthu féachaint ar líon na ndeiseanna cainte Gaeilge a chruthaíonn siad do Ghaeilgeoirí agus daoine atá báúil don Ghaeilge. Ar a bharr sin, nuair a chuireann muid maoiniú ar fáil dá leithéid de chlár, beidh muid in ann féachaint ar líon na ndeiseanna cainte atá cruthaithe de bharr an mhaoinithe sin. Cén sórt scála ama a bhfuil muid ag labhairt faoi chun é seo a leathnú amach go dtí na húdaráis áitiúla eile timpeall na tíre? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14