Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Ar dtús, ba é an aidhm a bhí agam le haghaidh Gaeilge365 ná airgead a chur ar fáil dó le go mbeadh sé in ann dul ar aghaidh leis an obair thábhachtach i mBaile Átha Cliath. Tá sé tar éis 150,000 deis chainte Gaeilge a thabhairt do dhaoine a bhíonn ag úsáid seirbhísí sna ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath. Leis an airgead atá ag teacht ó mo Roinn, agus leis an obair atá idir lámha agam agus ag an Aire Stáit, an Teachta Buttimer, beidh an t-airgead sin ann agus beidh sé in ann leanúint leis sin. Gabhaim buíochas leis na húdaráis áitiúla atá rannpháirteach, go háirithe leis na comhairleoirí ar na húdaráis áitiúla a sheas i bhfabhar an airgid seo, atá ag teacht ó na húdaráis áitiúla féin sna ceithre áit sin. Tar éis sin, tá muid ag scrúdú Gaeilge365 chun na cleachtaí a fhoghlaim le go mbeidh muid in ann dul ar aghaidh leo i ngach cuid den Státseirbhís. Mar is eol don Teachta, tá sprioc le haghaidh deireadh 2030 go mbeidh 20% den Státseirbhís in ann Gaeilge a úsáid. Is sprioc mhór agus dúshlánach í sin dúinn, ach beidh muid ag úsáid na gcleachtaí ó Ghaeilge365 chun é a oibriú amach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14