Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Shane Moynihan (FF), Dublin Mid-West Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra sin. Ag eascairt as an méid atá ráite aige, tá mé an-sásta cloisteáil go mbeidh deachleachtais á bhfoghlaim maidir lena bhfuil bainte amach ag Gaeilge365. Cuirim fáilte roimh an tomhas atá á dhéanamh ar dheiseanna cainte chomh maith. An bhfuil sé de thuairim ag an Aire go leathnófar é seo amach go dtí na húdaráis áitiúla ar bhonn moillithe, is é sin, go dtosófar le cúpla údarás i gCúige Laighean, cúpla ceann eile i gCúige Mumhan agus, de réir a chéile, cúpla ceann eile i gCúige Connachta? Cén sórt cur chuige a bheidh an tAire ag cur chun cinn leis an gclár Gaeilge365 a leathnú amach chuig na húdaráis áitiúla eile sa tír? Is é an rud is sonraí faoi Ghaeilge365 ná go mbogann sé amach an cur chuige a bhíonn ag go leor áisíneachtaí Stáit agus comhlachtaí poiblí go dtiteann sé faoin oifigeach Gaeilge polasaí na Gaeilge agus deiseanna cainte Gaeilge a chruthú. Ina áit sin, cuirtear rudaí mar chleachtaí snámha agus ióga trí mheán na Gaeilge ar fáil le go mbíonn daoine in ann plé le seirbhísí an údaráis áitiúil trí mheán na Gaeilge. Is é sin an rud a sheasann amach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14