Údaráis Áitiúla Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Tá deiseanna iontacha ag teacht as Gaeilge365 maidir le húsáid na seirbhísí. Léiríonn sé seo go bhfuil suim againn sa Roinn oibriú le daoine a bhfuil ideas nua acu. Níl gach rud ar eolas againn sa Roinn, agus níl gach rud ar eolas againn sa Teach seo ach an oiread. Déanaim comhghairdeas le Daithí de Buitléir agus an fhoireann i nGaeilge365. Mar a dúirt sé, bíonn a lán rudaí ar siúl, cosúil le binse comhrá ina mbíonn binsí sa chomharsanacht áitiúil agus ar an trá. Tá an togra, snámh le spraoi, ann freisin. Baintear leas as spórt le go mbíonn na daoine a imríonn spórt ag úsáid na Gaeilge. Tá cleachtaí ó Ghaeilge365 a mbeidh aon údarás áitiúil in ann úsáid a bhaint astu ina gcathair nó ceantar féin. Tá mé ag cur brú ar gach comhairle áitiúil Gaeilge365 a scrúdú agus é a úsáid mar shampla agus teimpléad ina gcuid ceantar dúchais féin. Bíonn a lán cruinnithe agam le príomhfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil maidir le tithíocht. Tá mé chun Gaeilge365 a chur ar an agenda chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14