Gaeltacht Policy Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford I dtaobh chúrsaí Gaeltachta, ní aontaím leis an Aire in aon chor go bhfuil dearcadh nó aighneachtaí na ndreamanna éagsúla atá ag obair sa spás seo iniata leis an gcáipéis seo. Is léir go ndearna an Roinn agus an bheirt Airí sa Roinn tithíochta neamhaird air sin. Iarrfaidh mé ar an Aire féachaint air seo, gur úsáideadh staitisticí ó dhaonáireamh 2016 sa cháipéis chun an argóint seo a chruthú mar gheall ar líon na gcainteoirí Gaelainne in ionad na staitisticí is déanaí. Molaim don Aire féachaint siar air. Dá mba rud é go raibh siad ag éisteacht leis an Aire nó lena Roinn, ní dóigh liom go dtarlódh a leithéid de rud. Tá an-chuid fadhbanna. Bhí cruinniú agam in Indreabhán i gConamara oíche aréir. Tá daoine an-fheargach mar gheall air seo. Ní fhéadfainn a rá go bhfuil sé mar gheall ar cúpla sonra a athrú anseo agus ansiúd. Tá daoine feargach mar gheall air seo. An rud a bhí ag eascairt as seo ná nach bhfuil sé chun cabhrú le daoine as na ceantair sin atá ag iarraidh maireachtáil sa Ghaeltacht agus clann a thógáil trí mheán na Gaelainne tithe a thógaint. Ní fheictear go bhfuil sé sin ann. Molaim don Aire comhairliúchán poiblí a dhéanamh - ceann gairid ach an comhairliúchán sin a dhéanamh agus brú a chur ar an Aire tithíochta a leithéid a dhéanamh mar níl sé maith go leor a chluasa a dhúnadh agus gan éisteacht a thabhairt don phobal. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14