Gaeltacht Policy Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Scrúdaíomar na figiúirí. Tá na coinníollacha nua bunaithe ar census 2022, cé go bhfuil deacrachtaí ansin. Mar a dúradh an oíche a d'fhoilsíomar an dréachtráiteas, táim oscailte go feedback. Nuair atá fearg ann, oibrím leis an bhfearg nuair a thagann rudaí as an bhfearg sin. Táim sásta obair leis an Teachta. Mar a dúirt mé, tá oifigigh as mo Roinn, a chuir an-obair isteach leis na hoifigigh sa Roinn tithíochta, chun cruinniú a bheith acu le Conradh na Gaeilge roimh dheireadh na míosa seo. Bhí siad chun é a dhéanamh an tseachtain seo caite, ach ní raibh an conradh in ann é a dhéanamh. Táim sásta, mar a dúirt mé, suí síos le haon Teachta a bhfuil suim acu ní hamháin ráiteas a fhoilsiú ach obair air seo. Táim sásta é sin a dhéanamh agus obair leis an Aire, an Teachta Browne. Beimid in ann obair leis an gcoiste agus leis an Teachta Moynihan, agus, tar éis na hoibre sin, leis an Aire, an Teachta Browne. Tá suim agam obair orthu. Sin an tsuim is mó atá agam. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14