Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Beidh an Aire agus an Aire Stáit bréan dom ag an tráth seo. Baineann an cheist seo le toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta. Mar is eol don Aire, bhí an-chuid plé againn sa Seomra Dála seo mar gheall ar Bhille Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin. Cé nach rabhamar ag aontú lena chéile ró-mhinic, glacaim anois go bhfuil an Bille rite agus go mbeidh toghcháin ag Údarás na Gaeltachta. Cad é an plean? Cathain a mbeidh siad? An féidir aon léargas a thabhairt ar cén cur chuige a bheadh i gceist? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14