Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Gabhaim buíochas leis an Aire. Tuigim go bhfuil leasuithe le déanamh ar na hAchtanna sin a luaigh sé, is iad sin an Acht Toghcháin, 1992; an Acht Toghcháin, 1997; agus na hAchtanna eile maidir le bruscair, truailliú agus cosaint sonraí. An bhfuil amlíne i gceist i gcomhair na leasuithe nó an bhfuil sé sin le baint amach i mbliana? An bhfuil buile faoi thuairim ann i dtaobh amlíne do na toghcháin? An bhfuil muid ag caint ar iad a bheith ar siúl roimh dheireadh na bliana seo nó i samhradh na bliana seo chugainn? An mbeidh sé faoin Roinn tithíochta na toghcháin sin a rith nó an mbeidh siad á rith i Roinn an Aire féin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14