Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Dara Calleary (FF), Mayo Níl mórán ama tugtha do na céad céimeanna eile. Bhí muid dírithe ar an mBille a chur tríd an Oireachtas. Táimid chun é sin a scrúdú anois. Le haghaidh gach toghchán, tá cúram na dtoghchán faoi chúraim na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh na leasuithe le plé le hoifigigh na Roine sin leis na rudaí eile agus beidh na sonraí eile le haghaidh na dtoghchán á bplé ag leibhéal an Rialtais. Beidh mé ag cur an próiseas do na coistí réigiúnacha ar siúl chomh luath agus is féidir mar tá siad tábhachtach le haghaidh an údaráis taobh amuigh de na toghcháin. Tá sé tábhachtach go mbeidh siad ag obair agus go mbeidh na daoine bunaithe ar na coistí sin. Beidh mé sásta teacht ar ais chuig an Teachta tar éis bhriseadh an tsamhraidh chun sonraí eile a phlé faoin gcéad próiseas eile agus na céimeanna eile sa Bhille seo. Gabhaim buíochas leis an Uachtarán as an reachtaíocht a shíniú agus gabhaim buíochas léi freisin as an obair a chur sí isteach sa Bhille nuair a bhí sí sa Teach seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14