Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2026-07-14 ============================================================ Conor D. McGuinness (SF), Waterford Nach suimiúil é sin mar fhíric go raibh baint ag an Uachtarán sa Bhille seo. Níor glacadh leis na leasuithe faraor ach chuir sí leasuithe isteach ar thaobh amháin agus shínigh sí an Bille ag an deireadh. Impím ar an Aire gan tuilleadh moille a chur leis an bpróiseas seo, agus pé rud gur féidir a dhéanamh chun tacú leis na toghcháin seo a dhéanamh. Tá muintir na Gaeltachta agus na pobail Ghaeltachta ag fanacht le fada an lá i gcomhair na toghcháin seo teacht thar n-ais. Mar a dúramar ar an dtaobh seo den Teach le linn na ndíospóireachtaí ar Bhille Údarás na Gaeltachta, tá géarghá le tuilleadh daonlathais istigh san údarás. Cé nach bhfuil an Bille, inár dtuairim, foirfe i dtaobh an méid daonlathais - bhíomar ag súil le níos mó - táimid ag iarraidh an Acht mar atá sé a bhaint amach chomh tapa agus is féidir ionas gur féidir leis na pobail seilbh a ghlacadh arís ar threoir Údarás na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-07-14/debate/main Retrieved: 2026-09-14T01:01:08+00:00 Sitting date: 2026-07-14