An tOrd Gnó - Order of Business Dail Éireann — 2025-10-14 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Tá an-infheistíocht ag dul isteach sna scoileanna, agus ní hamháin sna scoileanna speisialta agus na ranganna speisialta. Tá scoileanna i gcoitinne i gceist freisin. Tá an-infheistíocht ar fad ann. Déanfaidh mé fiosrú leis an Aire maidir leis an scoil seo. Níl an t-eolas agam go mion faoi cad atá ar siúl idir an scoil agus an Roinn nó oifigigh na Roinne ach táim muiníneach go mbeimid in ann dul chun cinn a fheiscint sa togra seo sar i bhfad. Is féidir liom é seo a ardú leis an Aire. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2025-10-14/debate/main Retrieved: 2026-09-21T01:01:04+00:00 Sitting date: 2025-10-14