Raidió Teilifís Éireann Dail Éireann — 2026-05-07 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County I measc na n-aidhmeanna atá ag RTÉ agus ag TG4 is ea go gcuirfeadh an dá chraoltóir seirbhíse poiblí a gcuid seirbhísí ar fáil, a mhéid agus is féidir é, don phobal uile ar oileán uile na hÉireann. Tá RTÉ agus TG4 araon ar fáil i dTuaisceart Eireann ar an ardán Freeview, chomh maith le hardáin síntiúis eile, ach is féidir bac a chur ar ábhair áirithe ar bhonn cearta. De réir mar a thuigim, nuair a cheannaíonn an dá stáisiún cearta ar ábhar craoltóireacht, ar nós imeachtaí spóirt, déanann siad iarracht cearta a cheannach ar bhonn oileán uile nuair is féidir. Ní bhíonn sé seo éasca i gcónaí. Is é an gnáthnós sa saol craoltóireachta ná cearta a dhíol ar bhonn críche. Mar sin is minic nach dtairgtear ábhar do RTÉ agus TG4, nó ní bhíonn siad in ann ábhar a fháil gur féidir a chraoladh i dTuaisceart Éireann nó áit eile taobh amuigh den Stát as Béarla nó as Gaeilge. Is minic a bhíonn cearta críche ar chláir, nó ar ábhair faoi leith, faighte cheana féin ag craoltóir sa Ríocht Aontaithe don dlínse sin ar fad. Cuireann sé seo cosc ar RTÉ agus TG4 iarracht a dhéanamh an t-ábhar sin a cheannach don oileán uile. I gcásanna áirithe, cé go bhféadfadh cearta uile-oileáin a bheith ag RTÉ nó TG4 maidir le craoladh líneach, tá cosc orthu ábhar a chraoladh ar sheirbhísí sruthú, mar a bhíonn acu ar na seinnteoirí, lasmuigh den Stát. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-07/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:46+00:00 Sitting date: 2026-05-07