Raidió Teilifís Éireann Dail Éireann — 2026-05-07 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Baineann an cheist seo le halt a bhí ar Journal.ie le déanaí. Is ceist í atá ardaithe agam agus ag daoine eile i dTithe an Oireachtais. Baineann sí le cláir do leanaí ar nós "Bluey" nó "Dora". Bíonn an clár “Dora” ar TG4 agus bíonn “Bluey” ar RTÉ. Tá geo-bhlocáil á dhéanamh. San alt céanna, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge: Tá sé scannalach, beagnach 30 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil RTÉ iad féin ag déanamh socruithe clár teilifíse a cheannach agus a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus ansin bac a chur...[orthu siúd] do phobal na Gaeilge atá lonnaithe sna sé chontae. Bhí leanaí Phádraig ag baint sult as "Bluey" trí Ghaeilge agus iad ar saoire I dTír Chonaill. Nuair a d'fhill siad abhaile, áfach, bhí "Bluey" imithe don seinnteoir. Tá muid anois tamall maith de bhlianta ó Chomhaontú Aoine an Chéasta inar glacadh leis go ndéanfaí cinntí le déanamh cinnte de nach mbeadh cosc nó baic maidir le cothú agus forbairt na teanga. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-07/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:46+00:00 Sitting date: 2026-05-07