Raidió Teilifís Éireann Dail Éireann — 2026-05-07 ============================================================ Patrick O'Donovan (FG), Limerick County Tuigim cé chomh tábhachtach is atá an clár "Bluey", an leaid gorm sin as an Astráil, don lucht féachana Béarla agus Gaeilge araon. Tá an clár tábhachtach do na gasúir óga agus iad sa bhaile. Ní hamháin go bhfuil sé tábhachtach do na gasúir, ach tá sé tábhachtach do na tuismitheoirí freisin. Is ceist thábhachtach í. Ní hamháin go mbaineann an cheist seo leis an gclár "Bluey" agus na cláir eile a chraoltar do na gasúir óga, ach baineann sí le stádas na teanga i dTuaisceart Éireann. Leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta a thábhachtaí is atá an Ghaeilge. Mar is eol don Teachta, bhí mé i m'Aire Stáit a raibh freagrachtaí na Gaeltachta air. Bhí an-chuid fadhbanna ag an Rialtas anseo ag déileáil leis an bhFeidhmeannas i dTuaisceart Éireann maidir le stádas na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar an gcead dul síos, is ceist í seo don Fheidhmeannas agus do Rialtas na Ríochta Aontaithe, ach tuigim cé chomh tábhachtach is atá an cheist seo, ní hamháin don chlár "Bluey" ach do stádas na teanga i dTuaisceart Éireann freisin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-07/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:46+00:00 Sitting date: 2026-05-07