Raidió Teilifís Éireann Dail Éireann — 2026-05-07 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim go dtuigeann an tAire an cheist. Ní bhím ag féachaint ar "Bluey" mórán ach nuair atá na garpháistí linn, bíonn siad á lorg i mBéarla, i nGaeilge nó i pé teanga ina gcraoltar é. Is breá leo "Bluey". Nuair a bhí m'iníon óg, is ar an chlár "Dora" a bhíodh sí ag féachaint. Nuair atá RTÉ agus TG4 ag ceannach cláir mar seo agus ag déanamh aistriúcháin orthu, má dhéanann siad iad féin é, tá sé tábhachtach go bhfuil na ceadúnais acu chun na cláir a chraoladh fud fad na hÉireann ina iomláine. D’fhoilsigh mé an Bille Craolacháin (Seirbhís Uile-Éireann) (Leasú), 2025 chun díriú isteach ar an gceist seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an Rialtas ag díriú isteach air seo ionas gur féidir linn teacht timpeall ar an bhfadhb seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-05-07/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:46+00:00 Sitting date: 2026-05-07