Schools Building Projects Dail Éireann — 2026-09-23 ============================================================ Tom Brabazon (FF), Dublin Bay North Is scoil dara leibhéal, lán-Ghaeilge í Gaelcholáiste Reachrann. Tá sí lonnaithe i measc seomraí ranga atá ar iasacht ón scoil béal dorais. Tá prefabs in úsáid aici chomh maith. Beagnach 25 bliain ó shin, gealladh go mbeadh foirgneamh á sholáthar ag an Roinn chuig pobal na scoile, ach níl sé sin tar éis tarlú go fóill in ainneoin an ama sin ar fad. Tar éis na moille seo ar fad, tá dul chun cinn beag déanta againn. D’imigh an foirgneamh amach le haghaidh tairiscintí an bhliain seo. Tugadh gealltanas dúinn ar fad go mbeadh an tógáil ag tosú sa ráithe deireanach den bhliain, ach níor tharla sé sin go fóill agus an chéad trian den ráithe sin beagnach imithe. Tá daltaí, foireann agus pobal na scoile ar fad ag fanacht rófhada don scoil nua seo. Caithfear brú áirithe a chur ar an Roinn chun an scoil seo a sholáthar gan a thuilleadh moille. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-09-23/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:49+00:00 Sitting date: 2026-09-23