Schools Building Projects Dail Éireann — 2026-09-23 ============================================================ Tom Brabazon (FF), Dublin Bay North Gabhaim buíochas leis an Aire. Dhá bhliain ó shin, bhrath daltaí, tuismitheoirí, bord bainistíochta agus foireann na scoile nach raibh aon dul as acu ach dul amach ar an mbóthar ag agóidíocht de bharr na moille agus easpa soiléireachta ó thaobh spriocdhátaí don próiseas tógála de. Is mór an náire atá ar an Roinn gur thóg sé 25 bliain le teacht chuig an bpointe seo. D’imigh daltaí, a thosaigh a gcuid oideachais dara leibhéil leis an ngealltanas go mbeadh scoil nua ar fáil dóibh, tríd an córas i sean prefabs a bhí briste agus fuar. Tá na daltaí sin críochnaithe lena gcuid oideachais anois. Níl sé seo maith go leor. Cathain a bheidh na tarracóirí agus na tógálaithe ar an suíomh ag obair ar an tionscnamh áirithe seo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2026-09-23/debate/main Retrieved: 2026-09-28T05:50:49+00:00 Sitting date: 2026-09-23