Cuanta agus Céanna Dail Éireann — 2021-02-11 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar seo a ardú tráthnóna inniu. Tá gach rud atá ráite aici nótáilte agam agus ardófar na pointí seo le hoifigigh na Roinne. Tuigim go bhfuil an cheist seo an-tábhachtach do mhuintir Inis Oírr. Tuigim an imní agus an frustrachas atá ar mhuintir Inis Oírr freisin faoi staid na cé. Cé go bhfuil moill leis an togra, tá sé tábhachtach go ndéantar gach iarracht anois an tionscadal a bhrú chun cinn agus tairiscintí a lorg le rochtain shábháilte a chinntiú d’oileánaigh agus d’úsáideoirí na céibhe. Mar a mhínigh an tAire ag an gcruinniú inné, is tosaíocht di é forbairt ché Inis Oírr, agus tá i gceist aici go dtabharfaí tosaíocht di sa phlean forbartha náisiúnta athbhreithnithe i mbliana. Agus an togra seo á chur i gcríoch, molaim do Chomhairle Chontae na Gaillimhe gach rud gur féidir leis a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta, lena n-áirítear trí fhorbairt a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí mion-oibreacha nó fodhlíthe a d’fhéadfadh tacú le pobal Inis Oírr. Cé go bhfuil sé riachtanach tabhairt faoi phróiseas chuimsitheach agus críochnúil tairisceana do dhearadh agus do thógáil na céibhe, tá mé muiníneach go ndéanfar dul chun cinn suntasach maidir leis an togra seo le linn 2021, go háirithe leis an dea-thoil a léirigh na páirtithe uile a bhí i láthair ag an gcruinniú leis an Aire inné. Iarrfaidh mé ar an Aire teacht ar ais ag an Teachta go díreach maidir leis na pointí eile a luaigh sí inniu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-02-11/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:03+00:00 Sitting date: 2021-02-11