An tOrd Gnó - Order of Business Seanad Éireann — 2021-03-01 ============================================================ Michael McDowell (IND), National University of Ireland Ba mhaith liom, ar dtús, aontú go hiomlán leis an méid a bhí á rá ag an Seanadóir Boyhan i dtaobh an tUrramach Enda McDonagh. Maidir le Riar na hOibre, go ginearálta, táimse i gcoinne aon rún chun Bille ar bith a phlé agus gach Céim le chéile ar ócáid shingil ach ba mhaith liom a admháil go bhfuil staid éigeandála againn i dtaobh víreas Covid-19. Chuala mé ar an raidió ar maidin go bhfuil saghas nua den víreas tar éis teacht isteach sa Bhreatain ó Mhanaus sa Bhrasaíl. Sílim mar sin gur cheart an dlí nua a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir. Mar sin, níl sé ar intinn agam vótáil i dtaobh Riar na hOibre inniu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:06+00:00 Sitting date: 2021-03-01