Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2021-03-08 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach agus leis na Seanadóirí. Tosóidh mé an díospóireacht agus críochnóidh an tAire, an Teachta Catherine Martin, í. Ó ceapadh mé mar Aire Stáit le freagracht i leith na Gaeltachta agus Spóirt i lár na bliana seo caite, in ainneoin na srianta a bhaineann leis an bpaindéim táim tar éis iarracht a dhéanamh casadh leis an oiread eagraíochtaí agus pobal Gaeilge agus Gaeltachta agus is féidir. Cé go mb'éigean dom é a dhéanamh go fíorúil den chuid is mó, d'éirigh liom casadh le réimse leathan d’eagraíochtaí atá ag feidhmiú in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta. Dar ndóigh, tá réimse leathan tacaíochtaí á gcur ar fáil chun an teanga a fhorbairt i measc an phobail. Díreoidh mé inniu ar dhá earnáil - earnáil na teicneolaíochta agus earnáil an spóirt. Tá iarrachtaí ar bun ag mo Roinn earnáil na teicneolaíochta Gaeilge a fhorbairt ar mhaithe le pleanáil don todhchaí agus le léiriú d'aos óg na tire gur teanga nuálach comhaimseartha í. Is tionscadal de chuid Camara Education Ireland é TechSpace a fheidhmíonn mar ghréasán náisiúnta de spásanna meáin dhigiteacha atá Ionnaithe in ionaid óige agus scoileanna. Cabhraíonn sé le hógánaigh a bheith gníomhach----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:07+00:00 Sitting date: 2021-03-08