Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2021-03-08 ============================================================ Rónán Mullen (IND), National University of Ireland Cuirim fáilte roimh an Aire agus roimh an Aire Stáit. Is mór an tábhacht a thugann muid sa Teach seo don Ghaeilge agus do stádas na Gaeilge inár sochaí. Is coicís na Gaeilge atá i gceist anois, agus de réir a chéile tá na hócáidí seo ag dul i méid, ach guím Seachtain na Gaeilge shona ar gach duine. Déanaimís uilig iarracht an Ghaeilge a labhairt sna laethanta seo, an méid agus is féidir linn, chun cur le tábhacht na Gaeilge inár dtír agus chun borradh agus tacaíocht a thabhairt do lucht labhartha na Gaeilge, bíodh siad sa Ghalltacht nó sa Ghaeltacht. Aithním an méid a dúirt an tAire Stáit faoi na himeachtaí éagsúla uilig, na rudaí atá ar siúl ar leibhéal an chultúir, ar leibhéal na teicneolaíochta, ar leibhéal na meáin shóisialta agus ar leibhéal spóirt, agus tá suim agus ról áirithe ag an Aire Stáit i gcúrsaí spóirt. Muna bhfuil struchtúr faoin méid sin ar fad, ina bhfuil tábhacht á léiriú ag an Stát agus ag struchtúir an Stáit ar leibhéal na reachtaíochta agus ar leibhéal na gcearta, beidh sé an-deacair dul chun cinn a dhéanamh sa mheántéarma, gan a bheith ag caint faoin bhfadtéarma. Caithimid a bheith dearfach faoi na rudaí maithe ar fad atá ag dul ar aghaidh agus tréaslú leis na daoine sin, bíodh siad sna meáin chumarsáide nó sna hearnálacha spóirt nó cultúir. Ag an am céanna, caithimid an cheist a chur anseo i dTeach na Parlaiminte: an bhfuilimid dáiríre faoin nGaeilge? Is maith an rud é go mbíonn an díospóireacht seo againn go bliantúil, ach mar atá ráite agam cheana, tá géarghá go mbeadh dearcadh níos dearfaí ag an Stát agus ag an Rialtas maidir leis an nGaeilge. Nach aisteach an rud é, mar shampla, go bhfuil Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 ag dul tríd an Dáil ach is beag cainte atá ann faoi sin sna meáin chumarsáide nó sa chóras polaitíochta féin fiú? Ceann de na rudaí is tábhachtaí a chaithimid díriú isteach air i gcónaí ná an céatadán sa státseirbhís, i measc oibrithe Stáit, atá in ann agus atá sásta déileáil leis an bpobal trí Ghaeilge. In ainneoin an méid atá sa reachtaíocht agus in ainneoin na gealltanais ar fad, tá an fhadhb ansin i gcónaí ó a athraíodh an struchtúr agus an dlí san 1970idí. Sa lá atá inniu ann, níl daoine le Gaeilge in ann seirbhís sásúil a fháil trí Ghaeilge agus ba chóir go dtosódh an Stát mar tá stádas na Gaeilge sa Bhunreacht. Ba chóir go mbeadh an Stát dáiríre faoi go dtí go bhfuil sé riachtanach ar státseirbhísigh a earcófar go bhfuil Gaeilge acu ag an tús nó ar a laghad go bhfuil scála ama ina gcaithfidh siad leibhéal áirithe feabhas sa Ghaeilge a bhaint amach, ar nós tréimhse phromhaidh. Ní féidir a rá go bhfuil an córas dílis don Ghaeilge agus dáiríre faoin Ghaeilge. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil ar chomharthaí bóithre, i siopaí gnó agus mar sin. Sin an tábhacht a bhaineann leis na scéimeanna teanga. Má amharcaimid ar an gcuraclam, tá sárobair á déanamh ag na scoileanna Gaeilge, ag na Gaelscoileanna agus ag na múinteoirí uilig. Smaoiním, mar shampla, ar an gcúrsa ábhar oide i Marino agus an baitsiléir san oideachas trí mheán na Gaeilge. Tá an-dóchas le feiceáil ansin sa chóras oideachais, agus ba chóir dom a rá go bhfuil sé sin ó Thuaidh agus ó Dheas. Ag an am céanna, bhí mé ag léamh rud suimiúil inniu a scríobh Éanna Ó Caollaí i The Irish Times agus é ag caint faoin athbhreithniú ar an sraith sinsearach. Luann sé an dá shiollabas nua atá molta don chúrsa Gaeilge don ardteistiméireacht ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA. Tá idirdhealú molta idir shonraíocht T1, a bheadh oiriúnach do dhaoine a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus a bheadh ardchaighdeán acu, agus sonraíocht T2, a bheadh ann dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla. Fiafraíonn Éanna Ó Caollaí an mbeidh sé de dhualgas ar scoileanna an rogha a thabhairt do mhic léinn T1 nó T2 a dhéanamh. Más rud é go mbeidh ábhar nó caighdeán níos lú inghlactha ag an gcuid is mó de scoileanna, an bhfuil an contúirt ann go mbeadh go leor scoileanna ann nach mbeidh ag tabhairt deis do na mic léinn ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge? Sin rud a chuirfeadh isteach orm. Luann sé freisin an chaoi ina mbronntar 25 pointe bónais don mhatamaitic ag an ardleibhéal. Cén fáth nach mbeadh a leithéid de rud ar fáil chun spreagadh a thabhairt do mhic léinn ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge freisin. Luaigh sé freisin an laghdú atá sa mhéid marcanna a thugtar don scrúdú béil, rud a chuir iontas orm mar shílfinn go bhfuil an scrúdú béil i measc na rudaí is tábhachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Mura bhfuil daoine in ann an teanga a labhairt nil aon todhchaí ag an teanga sin. Luaigh mé níos luaithe an méid atá á dhéanamh ar leibhéal an chultúir. Tréaslaím le TG4 agus le Raidió na Gaeltachta agus le leithéidí The Irish Times . Léim colún Alan Titley, Crobhingne , go rialta agus luaigh mé Eanna Ó Caollaí. Tá daoine ann ag treabhadh an fhóid maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal ardchaighdeáin. Bhí mé an-tógtha an oíche cheana nuair a bhí mé ag éisteacht agus ag breathnú ar “Glór Tíre” agus ar an méid Gaeilge á fí isteach acu leis an mBéarla agus shíl mé gur bealach é sin chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc iad siúd a bhfuil ar bheagán Gaeilge nó nach bhfuil an Ghaeilge céad faon gcéad ar a dtoil acu, díreach mar nach bhfuil sé ar mo thoil agam féin ach an oiread. Mholfainn cúpla rud eile sa mhéid ama atá fágtha agam. Mar a dúirt mé cheana, mura bhfuil saoránach in ann a chuid gnó a dhéanamh leis an Stát nó le Roinn an Rialtais, ní fiú reachtaíocht a bheith ann. Tá gá le hathrú meoin ansin lena chinntiú go bhfuil na cearta ag lucht labhartha na Gaeilge. Shílfeá in amanna gur beag suim ná cumhacht atá ag na polaiteoirí ach is iad na Státseirbhísigh atá ag cur bac ar dhul chun cinn anseo. Tá súil agam nach bhfuil sé sin fíor. Tá go leor Státseirbhíseach a bhfuil meas acu ar an nGaeilge ach tá gá anois le fianaise go bhfuil dul cinn á dhéanamh agus le déanamh. Sa deireadh, bíodh dul chun cinn sa Tuaisceart maidir le hAcht na Teanga. Táimid ag fanacht ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ansin ó Chomhaontú Comhaontú Chill Rímhinn in 2006. Gealladh reachtaíocht maidir leis an teanga ó shin agus caithfimid dul i dteagmháil leis na haontachtaithe agus a rá leo nach aon chailleadh é cead cultúrtha a thabhairt do lucht na Gaeilge agus tabhairt faoi bhealach nua mar atá ráite ag comhaontú na bliana seo caite chun ré agus cur chuige nua a bheith in ndán dúinn agus atá de dhíth orainn ó Thuaidh agus ó Dheas. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:07+00:00 Sitting date: 2021-03-08