Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2021-03-08 ============================================================ Lorraine Clifford-Lee (FF), Nominated by the Taoiseach Ba mhaith liom mo chuid ama a roinn le na Seanadóir O’Loughlin, más féidir linn, cúig agus trí nóiméad an duine. Gabhaim buíochas. Tá súil agam go bhfuil an Teach go léir ag baint taitneamh as Seachtain na Gaeilge nó Coicís na Gaeilge, faoi mar a dúirt an Seanadóir Mullen. Dar ndóigh, is é inniu Lá Idirnáisiúnta na mBan agus bhí seans againn díriú isteach ar chúrsaí feimineacha inniu agus iad a phlé. Tá cúrsaí Gaeilge á plé againn faoi láthair agus tá ionannas i gceist freisin. Tá fáilte roimh an Aire, an Teachta Martin agus roimh an Aire Stáit, an Teachta Chambers, go dtí an Seanad. Caithfidh mé a rá go bhfuilim fíor-bhródúil as a bheith i mo Sheanadóir de chuid Fhianna Fáil ag déanamh plé ar ár dteanga dhúchais inniu le hAire Stáit as mo pháirtí féin atá freagrach as an nGaeltacht. Tá forbairt na teanga agus cur chun cinn na Gaeilge mar ghnáth-theanga bheo, bhríomhar na tíre ina phríomhaidhm de chuid Fhianna Fáil. Tá na Gaeltachtaí mar chroílár an chothaithe sin agus is tobair iad le saibhreas teanga agus cultúir don chuid eile den tír agus ba chóir dúinn gach tacaíocht a thabhairt dóibh. Mar is eol dúinn, tá Bille na dTeangacha Oifigiúla ar Chéim ann Choiste sa Dáil faoi láthair agus is dul chun cinn suntasach é seo ó thaobh cearta teanga do mhuintir na Gaeltachta agus do phobal labhartha na Gaeilge. Tá sé fíorthábhachtach mar bíonn go leor deacrachtaí ag daoine ag iarraidh a saol a chaitheamh trí Ghaeilge. Molaim an tAire Stáit as an aird a thug sé don reachtaíocht seo a luaithe is a chuaigh sé i mbun oifige. Cuirfear deireadh le go leor constaicí atá ann faoi láthair nuair a achtaítear an reachtaíocht seo. Mar shampla bíonn fadhbanna go rialta ag daoine maidir leis an síneadh fada á úsáid acu agus iad ag déileáil le comhlachtaí Stáit. Léiríonn sé sin drochmheas iomlán. Baineann an síneadh fada le féiniúlacht. Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid fós ag tarlú ach táimid ag tnúth leis an lá nach mbeidh sé ina fhadhb. Is ceart bunúsach é a bheith in ann d’ainm ceart a úsáid. Tá tionscal na baincéireachta sa tír seo ag ligean phobal labhartha na Gaeilge síos arís agus arís eile. Nílimid in ann ár gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge fiú ar líne. Léiríonn sé sin drochmheas. Impím ar na bainc atá ag feidhmiú sa tír seo na seirbhísí a sholáthar do líon mór daoine ar mian leo a gcuid baincéireachta a dhéanamh trí Ghaeilge. Impím ar an Aire Stáit, an Teachta Chambers, agus ar an Aire, an Teachta Martin, dul i dteagmháil leo maidir leis an ábhar sin. Níl sé inghlactha a thuilleadh. B’fhéidir go bhfuil deis ann anois, leis an tsamhail baincéireachta pobail atá á phlé faoi láthair, bainc phoiblí áitiúla nua a fhorbairt atá sásta seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge. Tá díomá orm nach bhfuil faisnéis shláinte tábhachtaí maidir leis na srianta agus vacsaíní Covid-19 ar fáil i nGaeilge ag an am céanna leis an leagan Béarla nó ar chor ar bith fiú. Tá sé seo luaite agam cúpla uair cheana féin. Tá súil agam go luafaidh an tAire é sin leis an Taoiseach agus leis an Aire Stáit mar go bhfuil sé scanrúil. Caithfimid freastal ar mhuintir na Gaeltachta agus ar phobal labhartha na Gaeilge ar bhealach dáiríre. Níl aon leithscéal ann i lár paindéime gan a bheith ag cur faisnéise shláinte in iúl go leordhóthanach. Tá baol faoi leith ann do na Gaeltachtaí ar fud na tíre de bharr Covid-19. Is cuid lárnach de gheilleagar na Gaeltachta iad na coláistí samhraidh. Téann breis agus 27,000 scoláire go dtí na coláistí samhraidh gach bliain agus is fiú €50 milliún iad don gheilleagar áitiúil. Dar ndóigh, ní raibh aon scoláirí ann anuraidh agus níl dearcadh dearfach ann don samhradh seo chugainn ach an oiread. Braitheann na ceantair sin ar thurasóireacht freisin. Tugann Údarás na Gaeltachta tacaíocht iontach do chomhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá a fhios agam gur thug an Rialtas maoiniú breise d’Údarás na Gaeltachta anuraidh agus thug an Rialtas tacaíocht do na coláistí samhraidh agus na mná tí chomh maith, ach tá gá le plean fadtéarmach le haghaidh níos mó infheistíochta chun cosaint a thabhairt dóibh don todhchaí. Ba chóir dúinn go léir iarracht a dhéanamh táirgí ó chomhlachtaí Gaeltachta a cheannach freisin. Cheannaigh mé buidéal vodca an tseachtain seo caite ó Dhrioglann Loch Measc atá lonnaithe i nGaeltacht Mhaigh Eo agus bhí sé go hálainn. Bhí gloine nó dhó agam ag an deireadh seachtaine chun seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Críochnóidh mé leis sin. Tá níos mó le rá agam maidir le toghcháin dhíreacha le haghaidh bhord Údarás na Gaeltachta, earcaíocht, ranganna Gaeilge saor in aisce a chur ar fáil, meadú ar líon na nGaelcholáistí dara leibhéil, stádas na teanga sna Sé Chontae agus mar sin de. Tá mo chuid ama críochnaithe, áfach, agus mar sin fágfaidh mé anseo é. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:07+00:00 Sitting date: 2021-03-08