Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2021-03-08 ============================================================ Fiona O'Loughlin (FF), Administrative Panel Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire go dtí an Teach. Is mór an onóir domsa a bheith ag caint i nGaeilge don chéad uair sa Teach seo mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge. Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoi Ghaelscoil Chill Dara agus Gaelcholáiste Chill Dara. Tá aithne agam ar na múinteoirí sna scoileanna sin agus molaim iad as a tiomantas agus grá dár dteanga dhúchais. Ba mhór agam cloisteáil na daoine óga ag caint faoin nGaeilge. D'fhoghlaim mé mo bheagán Gaeilge i nDaingean Uí Chúis sa teach tábhairne agus siopa McCarthy. Bhí mé ag smaoineamh go minic ar na fir agus na mná a bhíodh ag bualadh liom an samhradh sin nuair a bhí mé ag obair sa teach tábhairne. Bhí mé ag cleachtadh mo chúpla focal an samhradh sin. Is iad na hagallaimh sin a chur suim ionam sa Ghaeilge. Tá cuimhne bhreá agam ar bhean an tí, Ita McCarthy, agus an céad míle fáilte a chur sí romham agus roimh gach duine a thug cuairt ar theach McCarthy. Is mór an náire orm nach mbím ag caint as Gaeilge go minic. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Daithí de Faoite, cathaoirleach Chill Dara le Gaeilge, agus a fhoireann mar gheall ar Mheitheal Chill Dara 2021 an Satharn seo caite. B'shin an dara meitheal faoi phleanáil teanga i gContae Chill Dara. Eagrófar imeacht gach bliain as seo amach. Tugann an meitheal deis iontach do phobal na Gaeilge, do ghníomhaithe teanga, do sholáthraí seirbhíse agus d'éinne a bhfuil spéis acu i ndul chun cinn na Gaeilge casadh le daoine eile atá ag obair ar son na teanga i gContae Chill Dara. Chuala mé go raibh sé an-mhaith ar fad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:07+00:00 Sitting date: 2021-03-08