Seachtain na Gaeilge: Ráitis Seanad Éireann — 2021-03-08 ============================================================ Rónán Mullen (IND), National University of Ireland Is ceann de na fadhbanna atá againn sna laethanta seo ná déileáil le Covid. De réir mar a thuigim, tá ráiteas an Aire, an Teachta Catherine Martin, lasmuigh ach ní féidir é a dháileadh go dtí go dtosaíonn sí ag labhairt. Ag an am céanna, níl daoine ag teacht isteach chun scripteanna a dháileadh a thuilleadh. Chiallódh sé sin go mbeidh orainn uilig dul amach chun a ráiteas a fháil agus teacht isteach arís leis an script le linn í a bheith ag caint. Níl a fhios agam an bhfuil aon bhealach timpeall air sin. Tá sé saghas craiceáilte. An féidir leis an Aire cead a thabhairt a ráiteas a dháileadh in am? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-03-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:07+00:00 Sitting date: 2021-03-08