Covid-19 Paindéim Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Bhí sé thar a bheith tábhachtach agus tairbheach domsa go raibh deis agam labhairt le hionadaíocht na mná tí an tseachtain seo caite agus cloisteáil go díreach uathu sula ndéanfaí aon chinneadh faoi seo ar fad. Maidir leis na himpleachtaí airgid i gcás nach bhfuil cúrsaí le dul ar aghaidh an samhradh seo, beidh orainn breathnú air sin ar fad agus féachaint cad is féidir a dhéanamh agus cad ba ghá a dhéanamh chun teacht i gcabhair le rudaí, mar a tharla anuraidh nuair a chur an Roinn ciste a raibh os cionn €4 milliún ann ar fáil do leas an chórais. Táimid ag dul tríd an phróisis sin anois. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28