Covid-19 Paindéim Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Chuir gach duine fáilte roimh an bpacáiste sin anuraidh nuair a tháinig sé, mall mar a bhí sé, ach cén fáth nach bhfuil an cinneadh déanta i mbliana ag an staid seo? Cén fáth go raibh ar an Aire Stáit fanacht go dtí an staid seo chun bualadh leis na heagrais sin? De ghnáth, faoi mhí Eanáir nó mhí Feabhra, bíonn na coláistí samhraidh go huile is go hiomlán lán go doras. Bíonn na cinntí déanta ag na tuismitheoirí agus na daltaí freastail orthu. Tá an tAire Stáit ag rá nach bhfuil cinneadh déanta go fóill agus go bhféadfadh na coláistí dul ar aghaidh. Is é an t-aon fháth go bhfuil sé sin ann ná nár bhuail an tAire Stáit le CONCOS ná leis na heagrais eile a mbíonn coláistí samhraidh acu go dtí le déanaí agus nach raibh an Roinn ionraic go leor le rá leo nach raibh seans ar bith ann go mbeidís in ann dul ar aghaidh i lár na pandéime. Ba chóir, ag an staid sin, go mbeadh an cinneadh déanta go mbeadh pacáiste tacaíochta ar fáil, agus bheadh gach duine i bhfad níos sásta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28