Covid-19 Paindéim Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé leis an Teachta, tá próiseas ann. Bhí sé thar a bheith tábhachtach domsa agus don Roinn go mbeadh deis againn labhairt le hionadaithe na mná tí agus le CONCOS. Má leantar ar aghaidh le cúrsaí a reáchtáil faoi na treoirlínte seo, breathnóidh an Roinn ar na tacaíochtaí a theastódh a bheith ar fáil chuige sin chun gnó a dhéanamh tarraingteach do na teaghlaigh agus do na coláistí araon. Mar a dúirt mé, táimid ag dul tríd an bpróiseas anois agus beimid i dteagmháil leis na coláistí agus na mná tí agus fir thí nuair a bheidh an próiseas seo críochnaithe. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28