Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá an-tábhacht le cúrsaí samhraidh i gcomhair cothaithe teanga agus cúrsaí eacnamaíochta sna Gaeltachtaí. Tá sé soiléir nach mbeidh na gnáthchúrsaí á reáchtáil arís i mbliana ach go bhfuil seans go mbeidh cúrsaí laghdaithe ann. An bhféadfadh an tAire Stáit a léiriú cad é an teagmháil atá aige leis na páirtithe leasmhara? Cad iad na hullmhúcháin atá déanta i gcomhair na bliana romhainn agus i gcomhair na gcúrsaí más rud é go mbeidh cúrsaí in aon chor ann? Má tá siad laghdaithe, cén saghas tacaíochta a bheidh ar fáil i gcomhair pobail na Gaeltachta? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28