Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Fáiltím roimh an gcomhairliúchán atá ar siúl agus don teagmháil. Tá sé sin an-dearfach agus tá sé tábhachtach go labhrófaí leis na páirtithe leasmhara éagsúla. Tá an-tábhacht leis na coláistí sna ceantair Ghaeltachta agus i measc an phobail chomh maith. Ní hamháin go bhfuil tábhacht leis an gcoláiste féin, leis na daoine a bhíonn ag obair ann agus leis na mná tí ach tá sé an-tábhachtach chomh maith i gcomhair na siopaí, na mbialanna, na n-óstán agus mar sin de. Cé nach bhfuil siad bainteach go díreach leis an gcoláiste, faigheann siad an-tairbhe as agus i gcomhair cúrsaí eacnamaíochta pobal na Gaeltachta chomh maith. An raibh deis acu teagmháil a dhéanamh agus páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán agus an bhfuil deis go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd chomh maith nó conas a bhféadfaí é sin a dhéanamh? Tuigim go bhfuil an comhairliúchán críochnaithe le cúpla lá anuas. An bhfuil tuairim faoi leith faoin tráth seo ar cathain a bheidh cinneadh déanta chun an pobal agus na coláistí a chur ar an eolas? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28