Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a bheidh na cúrsaí ag dul ar aghaidh, beidh mo Roinn ag breathnú go géar ar an leibhéal tacaíochta a theastaítear a chur ar fáil don earnáil chun í a thabhairt slán isteach in 2022. San áireamh anseo beidh na mná tí, na hallaí pobail agus na coláistí féin. Anuraidh, cuireadh os cionn €4 milliún ar fáil ar phacáiste tacaíochta. Is earnáil í seo ar fiú €50 milliún in aghaidh na bliana do gheilleagar na Gaeltachta, rud a léiríonn a thábhacht do phobal na Gaeltachta. Tá mise, mar Aire Stáit le freagracht as an nGaeilge, tiomanta don earnáil a choinneáil beo, in ainneoin an tionchar atá á imirt ag an bpaindéim air. Beidh mé ag breathnú go géar ar an gceist seo sna seachtainí amach romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28