Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá gá práinneach le soiléireacht. Croílár na Gaeltachta is ea an earnáil seo agus tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an Ghaeilge chomh leochaileach. An tseachtain seo, leagadh tuarascáil os comhair Thithe an Oireachtais ón gCoimisinéir Teanga, an beart deireanach a bhí sé in ann a dhéanamh. De réir mar a thuigim, tá sé i ndeireadh na feide de bharr easpa dhul chun cinn ó thaobh An Gharda Síochána de toisc nach bhfuil a chuid dualgas á chomhlíonadh aige. Níl ansin ach sampla amháin ach tá samplaí eile. Tá muid ag caint anois faoi chroílár na Gaeltachta gan aon soiléireacht. Tá a fhios ag an Aire Stáit ón mbliain seo caite cad atá ag teastáil. Tá plean B ag teastáil i gcónaí. Más rud é go bhfuil sé beartaithe dul ar aghaidh leis na coláistí, agus buíochas le Dia go mbeifear, ach ansin nach bhfuil an cosúlacht sin ar an scéal, tá gá le plean B agus le cinneadh agus tá práinn leis sin. Impím ar an Aire Stáit beagáinín soiléireachta a thabhairt dúinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28