Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Bhí sé i gceist go mbeadh cruinniú uile-oileánda idir na hAirí maidir le cúrsaí teanga in Ard Mhacha ar an 31 Márta seo caite. Tá a fhios agam go raibh an tAire Stáit, an Teachta Chambers, agus an tAire Pobal ó Thuaidh, Deirdre Hargey as Sinn Féin, sásta bheith i láthair ag an gcruinniú sin. Is trua nár chuaigh an cruinniú sin ar aghaidh. An bhfuil díomá ar an Aire Stáit nár tharla an cruinniú? An síleann an tAire Stáit nár ghlac an DUP nó an tAire Lyons páirt sa chruinniú mar chuid de bhaghcat ar chruinnithe Thuaidh-Theas agus iad ag agóid i gcoinne an phrótacail nó rud éigin eile a shíleann siad go bhfuil siad ag déanamh agóide faoi? Mar a dúirt an tAire Stáit, táimid fós ag fanacht ar an Acht teanga ó Thuaidh. Ba chóir go mbeadh an reachtaíocht sin achtaithe ag an staid seo, ach níl sé ann toisc go bhfuil an DUP ag cur ina coinne, in ainneoin an gealltanais a thug siad i gcomhthéacs New Decade, New Approach breis is bliain ó shin. An síleann an tAire Stáit go bhfuil seans go n-éireoidh rudaí níos measa anois toisc gur fhógair Arlene Foster níos luaithe inniu go bhfuil sé i gceist aici éirí as an ról atá aici faoi láthair? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28