Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ar nós gach duine eile, tá díomá orm nár tharla an cruinniú atá luaite ag an Teachta. Tá oifigigh de chuid mo Roinne ag comhoibriú le oifigigh na Comhrúnaíochta Thuaidh-Theas in Ard Mhacha. A luaithe agus a reáchtálfar cruinniú den Fhoras Teanga, beidh mé ar fáil le freastal ar an gcruinniú sin. Mar is eol don Teachta, tá folúntais ar bhord an Fhorais Teanga, ról an chathaoirligh ina measc. Ba mhaith liom tréaslú le leas-chathaoirleach an bhoird, Barra Ó Muirí, as an sár-obair atá á dhéanamh aige faoi láthair. Feictear dom go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar cathaoirleach a cheapadh chomh luath agus is féidir le cinntiú gur féidir le háisíneachtaí an Fhorais Teanga, agus an foras féin, leanúint ina bhfeidhmeanna reachtúla ar bhonn féideartha. Faoi láthair, tá dhá fholúntas ar bhord Fhoras na Gaeilge, cathaoirleach san áireamh. Ag cruinniú earnáil teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas i mí na Samhna anuraidh, ceapadh triúir comhaltaí nua go bord an Fhorais Teanga. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28