Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central An dara cuid den cheist ná cad atá ann don todhchaí. Cad atá á dhéanamh chun cinntiú go bhfuil tacú ag teacht ón Deisceart don Acht teanga ó Thuaidh? An bhfuil comhoibriú uile-oileánda i leith na teanga á chur chun cinn, agus ní hamháin tríd Foras na Gaeilge mar atá luaite ag an Aire Stáit? Níl pobal labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae chun fanacht a thuilleadh. Tá sé sin feicthe againn. Ní raibh siad riamh sásta fanacht. Dhein siad éacht thar na blianta agus dhein siad an gníomh. Tá feicthe againn cheana féin an fás ollmhór atá tagtha ó thaobh oideachais trí Ghaeilge agus úsáid na teanga, atá le cluinsint agus le feiscint níos forleithne anois trí na Sé Chontae. Tá cosaint reachtúil ag teastáil uathu. Tréaslaím leo siúd - agus tá súil agam go dtréaslaíonn an tAire Stáit leo freisin - sna comhairlí difriúla atá ag cur comharthaí bóithre dátheangacha suas i gceantair nár shíl aon duine go mbeadh siad riamh roimhe seo. Níl tacaíocht acu ó Acht teanga agus sin atá á lorg acu. Tá siad ag iarraidh go mbeadh an stádas sin acu, seachas go mbeadh orthu dul timpeall agus timpeall mar a dhein siad ar feadh na mblianta. Déanfaidh siad é sin más gá mar is é sin an sórt daoine iad. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28