Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas Dail Éireann — 2021-04-28 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tuigim go bhfuil an tAcht seo an-tábhachtach don phobal. Maidir leis an Acht teanga, tá Rialtas na hÉireann tiomanta don reachtaíocht thábhachtach seo a bheith tugtha chun cinn. Tá ceist na reachtaíochta seo ardaithe go minic ag mo chomhghleacaí, an tAire Gnóthaí Eachtracha, leis na húdaráis ó Thuaidh agus leanfar á dhéanamh sin go dtí go bhfeictear toradh ar ár gcuid iarrachtaí. Tá lucht labhartha na Gaeilge sa Tuaisceart, dar ndóigh, ag éileamh le fada an lá go mbeadh Acht Teanga acu agus ba mhaith liomsa, mar Aire Stáit, gach rud gur féidir liom a dhéanamh ar mhaithe le tacú le comhlíonadh an ghealltanais sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-28/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-28