Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions Dail Éireann — 2021-04-29 ============================================================ Catherine Connolly (CC), Galway West Roimh na ceisteanna, déanaim comhghairdeas leis an Aire Dlí agus Cirt, Teachta McEntee, agus lena fear céile, Paul. Mar is eol dúinn, rugadh mac di cúpla uair ó shin. Ar mo shon féin agus ar son na Dála, déanaim comhghairdeas leo. Go maire siad a nuaíocht agus a saol nua, mar is saol nua atá i gceist. Is lá stairiúil é mar níor tharla sé cheana gur rugadh leanbh d'Aire agus í i mbun oifige. Guím gach rath ar an Aire agus ar a clann. Rachaimid ar aghaidh anois leis na ceisteanna. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-04-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:13+00:00 Sitting date: 2021-04-29