Earcaíocht san Earnáil Phoiblí Dail Éireann — 2021-06-17 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Mar is eol don Aire Stáit, tá Bille ag dul tríd an Dáil i láthair na huaire agus beidh, faoin mBille sin, dualgas ar an tseirbhís phoiblí 20% a earcú a mbeidh Gaeilge agus, glacaimid leis, Béarla acu. Faoi láthair, tá painéal ann agus is beag duine atá tógtha ón bpainél do dhaoine, ní hamháin a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu, ach cumas sa Bhéarla. Ba mhaith liom a fháil amach céard atá i gceist ag an Aire Stáit a dhéanamh faoin gceist seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:24+00:00 Sitting date: 2021-06-17