Earcaíocht san Earnáil Phoiblí Dail Éireann — 2021-06-17 ============================================================ Éamon Ó Cuív (FF), Galway West Cé mhéad duine ar roghnaíodh iad don phainéal Gaeilge, mar a thugann an tAire Stáit air, agus cé mhéad duine atá fostaithe cheana féin ón bpainéal sin? Cén fáth nár fostaíodh tuilleadh? An nglacfadh an tAire Stáit leis go bhfuil sé cineál seafóideach painéal Gaeilge amháin a bheith ann nuair atá Béarla den scoth ag gach uile duine a bhfuil Gaeilge acu freisin? An aontaíonn an tAire Stáit liom, gur cheart go mbeadh duine ar bith atá ar an bpainéal Gaeilge go huathoibríoch ar an bpainéal dátheangach ag an am céanna, ó tharla gur ar éigean a bhfuil aon duine ag cur isteach ar an státseirbhís a bhfuil Gaeilge acu nach bhfuil Béarla den scoth acu freisin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:24+00:00 Sitting date: 2021-06-17