Earcaíocht san Earnáil Phoiblí Dail Éireann — 2021-06-17 ============================================================ Ossian Smyth (GP), Dún Laoghaire Tá an-deacracht againn. Tá an-deacracht ag an Státseirbhís daoine dátheangacha a earcú. Mar shampla, bhí comórtas ann do dhaoine a raibh Béarla acu gur spéis leo a bheith ina n-oifigigh chléireachais agus sainchomórtas eile do dhaoine dátheangacha a raibh líofacht acu sa Ghaeilge. Bhí 60 uair níos mó iarratasóirí don chéad chomórtas. I leith comórtas i gcomhair oifigigh fheidhmiúcháin, bhí 100 uair níos mó iarratasóirí don chomórtas Béarla. Léiríonn sé sin go bhfuil fadhb oideachais ann agus gur fadhb níos leithne ná fadhb earcaíochta é. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2021-06-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:24+00:00 Sitting date: 2021-06-17